Clannad

Clannad - Tráthnóna Beag Ar&Atild lyrics

rate me

Thíos i lár an ghleanna tráthnóna beag aréir

Agus an drúcht ina dheora geala ina luí ar bharr an fhéir,

Sea casadh domsa ar ainnir ab áille gnúis is pearsa

Is í sheol mo stuaim chun seachráin tráthnóna beag aréir

Agus a Rí nár lách ár n-ealaín ag dul síos an gleann aréir,

Ag éaló fríd an chanach is ciúineas insan spéir?

A rún mo chléibh nár mhilis ár sugradh croí, is nár ghairid?

Ó, is a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir

Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh agus labhairt le stór mo chléibh,

Nó dá bhfaighinnse bua ar chinniúint cér mhiste liom fán tsaol?

Shiúlfainn leat fríd an chanach is fríd mhéilte ar chiúis na mara,

Agus dúiche Dé dá gcaillfinn go bpógfainnse do bhéal

Get this song at:  amazon.com  sheetmusicplus.com

Share your thoughts

0 Comments found